School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuinneóg againn sa mbaile. Cuinneóg an t-ainm a tugtar air san áit seo. Cuinneóg cruinn 'seadh í. Tá sé againn timcheall deich mbliadhna. Tugtar luithni ar an rud a bhíonns ag dul thart ann agus clúdach ar an rud a bhíonns ós a chionn. Déantar an maistreadh timcheall dá uair san t-seachtmain san Samradh agus aon uair amháin san t-seachtmhain san nGeimhreadh. Nuair a thagann cómharsan isteach ní théíghean sé amahc gan dreas a bhuaileadh air an fhaithchíos go ngoidfeadh sé an t-im. Nuair a bhíonn an t-im déanta caithtear gráinne salann isteach ann ionnus nach ngoideadh na sídheoga an t-im. Timcheall i bfáinne oibrigheann muid an luithine. Nuair a thaganns gráinní beaga de im bíonn an maistreadh beagnach déanta. Tugtar cuid de'n bláthach go na muca, óltar cuid de agus cuirtear cuid de ins na cácai(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Ging
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Eibhlín Ní Ging
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo