School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gob an Choire (Clochar)
- XML Page 253
- XML “Gearrscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Geárr SgéalBhí bean ann tamall ó shoin agus bhí beirt mhach aici. Bhí síse agus an bheirt ghasúr na gchomhnuidhe le thais roilig. Bhí grádh mór ag an mach ba shine do cuartaidheacht. Bhí an gasúr óg an ciúin ar fad. Ní rachadh sé amach as an teach san oidhche chor ar bith. Ar chaoí ar bith d'imtheóchadh an mach ba shine amach ar chuairt gach oidhche agus bhíodh sé an mhall ag teacht isteach san oidhche. Nuair a bhíodh sé ag teacht abhaile gach oidhche bhíodh sé ag feadaighil. Shíl an mach óg go raibh sé in am stop a chur leis an mach ba shine agus chuimhnigh sé ar seift. Oidhche amháin dá raibh an mach ba shine amuig chuaidh an mach b'óige i bhfolach ag geata an roilig. Bhí sé chun an buachaill eile a scanradh sa chaoí nach rachadh sé amach aon oidhche eile. Nuair a bhí an mach ba shine ag teacht abhaile shíl an mach eile léimeamhaint amach roime ach nuair a shíl sé é sin a déanamh léim go leór taidhbhse ar fhéin agus seisin a fuair an bualadh agus an scanradh in ionad an mhic eile.(continues on next page)
- Collector
- Pádhruig Ó Gallchóbhair
- Gender
- Male
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Informant
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Gender
- Female
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo