School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)

Location:
Gob an Choire, Co. Mayo
Teacher:
Sr. M. de Sales
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0085, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0085, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gob an Choire (Clochar)
  2. XML Page 223
  3. XML “Mac Rí Éireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Rí i gCruachán Chonnacta aon uair amháin agus bhí beirt mac aige. 'Sé an t-ainm a bhi ortha na 'Oisín Mac Fhinn' agus 'Loinnir Mac Lobhar na Lann'. Lá dá rabhadar amuigh ag foghléireacht cois fairrge chonnaiceadar currach ag teacht chuca fe trom shiubhal agus fe throm iomradh. Nuair a tháinic an báidín chómh fada leó chonnaiceadar gur cailín a bhí inntí. Bheannuigheadar dá chéile agus thosnuigheadar ag seanchais. D'imrigheadar cluiche act bhuaidh an cailín an céad ceann. Céard atá orm a dhéanamh dhuit arsa Loinnir léi. M'áit comhnaidhe a fhághail amach ar' sise. Tháinic beirt mac an Riogh abhaile fe throm brón an oidhce sin. Le eirghe gréine an maidean dhár gcionn d'fhág Loinnir an pálas agus thug a aghaidh ar an bhfairrge síar. Choinnigh sé súil géar amach gach lá ag féachaint an raibh aon talamh ina aracais act ní raibh. An lá seo chuaidh sé féin in áirde ar an gcrann agus factas dhó go bhfaca sé rud éigin mar talamh ag bun na spéire ó thuaidh. Badh ghearr go raibh siad in aice leis agus bhí sé soiléar aca anois gur talamh a bhí ann. Chuadar i dtír agus cé'n áit a rabhadar act i rioghact athair an chailín úd. Chuadar go dtí an pálas agus fearadh na mílte failte rómpa. Bhí trí lá chruaidh roimh Loinnir anois
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Scannláin
    Gender
    Male
    Address
    Gob an Choire, Co. Mayo
    Informant
    Antoine Mac Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo