School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 137
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann uair amháin agus bhí siad ar an ghann chuid. Bhí an stoc uilig díolta aca go dtí sean chapall amháin.”
(continued from previous page)h-aghaidh agus dá mbéadh an scian ar h-agaidh go dtí’n lá atá ann indiu ní thiocfadh an bhean chuici fhéin.
“Béidh mise ion-churtha le Dorbaigh an iarraidh seo”, ar seisean agus thug sé leis baicle saighdiúir agus ghabh siad Dorbaigh. Caith siad isteach i mála é agus d’iomchar siad leobhtha é. Bhí an mála an-trom agus bhí an lá iongantach te agus chaith siad taobh amuigh de theach táibhirne é agus chuaidh siad fhéin isteach le na dtart a mhúcadh. Fhad a’s bhí siad istoigh cé thig thart ach “Fear Paca” agus toisigh Dorbaigh ag sgreadaigh istoigh sa mhála.
“Cad tuige a bhfuil tú a sgreadaigh?” ar seisean.
“Tá”, arsa Dorbaigh, “an rí a bhí ag iarraidh orm a inghean a phósadh agus ní mian liom-sa sin a dheánamh.
“Bhal”, arsa’n fear paca, “bheárfaidh mise an paca duit ma leigeann tú isteach sa mhála mé.
“Leig mise amach go gasta”, arsa Dorbaigh, agus nuair a tháinig sé amach, isteach leis an “fhear-paca” sa mhála agus as go bráthach le Dorbaigh agus an paca leis.
Nuair a tháinig an mhuinntir a bhí istoigh, amach chaith siad a’ mála in a rabh an “fear paca” ar a ndruim agus shiubhal leo go dtáinig siad fhad le droichead mór agus chaith siad an fear paca bocht(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Nic g Ceannfhaele
- Gender
- Female
- Age
- 88
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal