School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 152
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí baicle mhór cruinnighthe i dteach oidhche amháin fad ó shoin agus iad ag cainnt ar thaibhsí agus ar uaigneas. Bhí fear amháin ann a dubhairt nach rabh eagla air-sean roimh thaibhsí..”
(continued from previous page)é ag glaoidh os árd; “Is liom-sa an ceann sin; Sin mo ceann-sa; Is liom-sa an ceann sin agus RI”
Chaith an fear an ceann fhad leis agus phill sé ‘na roilige agus thoisigh a thochailt arais féacail an bhfuigheadh sé cloigeann eile. Fuair, agus d’imthigh leis ag tarraingt ar an teach. Nuair a bhí sé ag teacht comhgarach do’n teach, tháinig fear an bhraithlín roimhe arais agus é ag sgairtigh:
“Sin mo cheann-sa; Is liom-sa an ceann sin; Sin mo cheann-sa agus RI”.
Chaith sé an ceann chuige agus phill ‘na roilig arais. Romhar sé agus thochail sé go bhfuair sé cloigeann eile agus nuair a bhí sé ag tarraingt comhgarach do’n teach tháinig fear an bhraithlín roimhe arais agus é ag glaoidh os árd:
“Is liom-sa an ceann-sin; Sin mo cheann-sa; Is liom-sa an ceann-sin”
Dubhairt an fear leis: “Ar ndóiche, ní trí cinn a dhith ort”.
D’imthigh an fear ag reathuidhe isteach ‘un toighe, chaith sé an ceann ar an tábla agus dubhairt, “Sin(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Giolla Chearra
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Srath Buí, Co. Donegal