School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 262
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí Rí ann fad ó shoin agus bhí triúir mac agus triúir ingheanach aige. Dar leis go rabh aois a' phósta aca agus san am chéadna tchíor do nach rabh a'n duine sa Rioghacht saidhbhir go leór le cleamhnas a dhéanamh le na chlann féin.”
(continued from previous page)óige ach chá rabh siad-san toilteanach comhairle an Ríogh a dheánamh agus díbreadh iad araon.
D’fhág siad caisleán a n-athardha go buadhartha brónach agus shiubhal siad leo go rabh an oidhche dhubh dhorcha ann. bhí siad tuirseach agus sáruighthe agus shuidh siad síos ar thaoibh an bhealaigh. Nuair a chonnaic siad go rabh siad ar an uaigneas gan duine no deóraidh ar a n-amharc no ar a n-éistheacht tháinig aithreachas ortha nár ghlac siad comhairle a n-athardha.
D’éirigh siad annsin agus d’amharc siad uatha agus chonnaic siad solus fá ghioth dóbhtha. Thárraing síad air. Bhuail siad ag an doras agus cia h-áit a rabh siad ach ag caisleán Riogh. Nuair a d’innis siad gur mac agus ingheán Riogh a bhí ionnta, tugadh an t-an chomóradh daobhtha agus tugadh togha gach bidh daobhtha.
D’innis siad annsin fá’n(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Anna de Búrca
- Gender
- Female
- Address
- Cruach an Chuilinn, Co. Donegal