School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)

Location:
Doire Sheanaigh, Co. Donegal
Teacher:
M. Ní Amhalaghaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Thanaidhe
  2. XML Page 004
  3. XML “Comharthaí Soininne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Comharthaí Soininne
    Bíonn bun na spéire thiar dearg, bíonn neart réaltóga ar an spéir. Bíonn an tríona ag ceol in a dhóigh shimplí fhéin. Bíonn na fáinleoige, agus na héin uilig ag comh-eitilt go híseal ar an spéir, agus ní bhíonn an ghealach báite. Soilsíonn sí go gléigeal. Bíonn an lán mara ag snigheadh go ciúin, socar, suimhneach.
    Bíonn ruileann ar an lán mara. Tuar ceatha san oíche san aghaidh, sin aimsir mhaith ina dhiaidh.
    Nuair a bhíos an mhíoltóg-leathar ag gabháil fá na tithe.
    Bíonn na cróta ag screadaigh síos fán fharraige. Siad seo uilig comharthaí na deá-aimsire.
    Comharthaí Doininne
    Bíonn an bó dá craitheadh féin ar a cuid soilí. Bíonn feadóg - cruach ar Shliabh Shneachta (sin leath tuar ceatha).
    Nuair bheas na Gaedhaine Fiadhna ag teacht as na h-áiteacha iarghultacha.
    Bíonn seacht réaltóga ar an spéir, triúir, agus ceathrar, ós a gcoinne amach.
    Bíonn an ghealach báite agus corruair fáinne uirthi . Bíonn séideadh anuas ann, agus bíonn an-theas as an ghríosaigh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish