School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)

Location:
Doire Sheanaigh, Co. Donegal
Teacher:
M. Ní Amhalaghaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Thanaidhe
  2. XML Page 039
  3. XML “Seantithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    air. Na daoine a ba shine a codhladhadh ann í gcomhnuidhe. Bheadh an dreisúir deanta san bhalla fosta. Ní rabh taiblí ar bith ag na daoine. Teach amhain ar an bhaile a mbeadh tabla ann, agus dá mbeadh srainsaer no Sagart ag teacht go dtí teach ar bith ar an bhaile, gheibhfidhe iasacht an tabla sin go n-imtheochfadh siad [ara]? Ní rabh cathaoireacha ar bith acu ach oiread, suidhistéog, stól trí cos, no cupla fód monaidh an áit suidhe a bheadh acu.
    Lósaid agus é ina shuidhe ar phota an tabla a bhiodh acu fá choinne a n-dinnéar a dheanamh air. Ní rabh lampaí ar bith ann sna laethe úd. Bheirfidhe isteach [uchta]? fraoich roimhe an oidhche agus do mbeadh solas ar bith a dhioghbhail fríd an teach chuirfidhe giota de san teinidh. Daoine a mbeadh obair ar bith le déanamh acu [cniotal no fuigheal] bheadh coinnle acu a gnidheadh siad fhéin. Bhainfidhe feaga agus chumailfidhe i mbáladh é [geir no im]. annsin lasfaidh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish