School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0245
  3. XML “Cluiche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní mór cúigear ar a laighead do bheith ann.
    "Amadán na gceithre gcoirnéal" a tugtar air. Cuirtear ceithre clocha móra tamall ó n-a chéile ar an talamh agus seasann duine ag gach cloich agus bíonn duine eile i na sheasamh istigh i n-a lár. "An t-Amadán" a tugtar ar an duine a bhíos istigh. Annsin tosuigheann an ceathrear eile ag rith ó chloich go cloich agus má éirigheann leis an t-Amadán a bheith ar chloich roimh duine aca, caithfidh an duine sin dhul isteach agus bheith i n-a amadán agus leantar dhe mar sin go mbíonn siad tuirseach.
    Imrightear an chluiche seo cois teine.
    Lasann páiste aca cipín agus coinigheann sé i n-a láimh é an fhaid is bhíos sé ag rádh na bhfocal seo:-
    "Jack is alive and alive is he
    if he dies in my hand a sovereign I will give thee."
    Annsin tugann sé do dhune eile é agus deireann an duine sin na focla céadna agus nuair atá siad ráidhte aige tugann sé do dhuine eile arís é agus an t-é go mbíonn an cipín aige nuair a múchfar é sin é an duine is giorra saoghal sa gcomhluadar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Annraoi Ó Dubhagáin
    Gender
    Male
    Address
    An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
    Collector
    Micheál Mac Goill
    Gender
    Male
    Address
    An Chreig Bhuí, Co. Galway