School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 127
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    shaibhir ag fiafrughadh di cé le h-aghaidh a raibh an soitheach, acht níor innis sí di é an t-am sin. Chuimil bean an dearbhráthar shaidhbhir bealuigheacht taobh amuigh ar íochtar an t-soithig, agus dubhairt sí leis an mbean an soitheach a tabhairt ar ais aríst. Nuair a bhí an t-ór tómhaiste ag an mbean thug sí ar ais soitheach, agus bhí cuid de'n ór greamuighthe ar a íochtas. Chonnaic bean an dearbhráthar shaidhbhir an t-ór, agus bhí sí ag fiafrughadh de'nbhean cá bhfuair siad an t-ór. D'innis sí di san deire cén bealach a bhfuair siad é. Annsin ní raibh sí ag tabhairt suaimhnis dá fear fhéin go ngabhadh sé san áit chéadhna le go dtuibharfadh sé ór aici féin. Chuaidh a fear ag an bhfear bocht go n-innseóchadh sé dó cá bhfuair sé an t-ór, agus cén bealach a chuaidh sé isteach, acht dubhairt an fear bocht leis cuimhnuighadh ar na foclaibh a dubhairt sé féin leis. Nuair a tháinig, sé go dtí an áit dúbhairt sé an focal agus d'oscail an aill agus chuaidh sé isteach. Líon sé mála de'n ór, acht bhí an oiread deifre air nár chuimhnigh sé ar an bhfocal, agus bhí sé ag rádh chuile fhocail a tháinig in-a bhéal acht níor dhúbhairt sé aon fhocal ceart. Tháinig na gadaidhte agus mharbhuig siad é. Rinne siad cheithre ceathramhna de agus chrochadar taobh amuigh é. Nuair a chonnaic a bhean ná raibh sé ag teacht chuaidh sí go dtí an dearbhráthair bocht ag rádh leis nár tháinig a fear fhéin abhaile; acht dubhairt an dearbhráthair bocht léi go raibh a fhios aige féin céard d'eirigh dó. Annsin nuair a chuaidh an dearbhráthair bocht ar a lorg fuair sé marbh é, agus é crochta taobh amuigh. Thug sé leis abhaile é annsin, agus ní raibh a fhios aca céard a dhéanfadh siad leis; acht chuimhnigh an cailín a bhí sa teach go raibh gréasuidhe san áit aca agus b'fhéidir go bhfuagháilfeadh sé dóibh é. Chuaidh sé go dtí é ar maidin go h-an-mhoch,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0676: Open Sesame
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó hIarnáin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
    Informant
    Bairtle Ó hIarnáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway