School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 130
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nuair a thosuigh an lampa ag dul as, agus ní raibh aon ola ag an gcailín le cur ann; acht chuimhnigh sí ar na soithigíbh seo, agus chuaidh sí go dtí ceann de na soithighibh, agus shíl an fear a bhí ins an soitheach gur'bh é an máighistear a bhí ann. D'fiafhruigh sé de "An bhfuil tú réid fós?" acht dubhairt an cailín ná raibh go foíll, agus dhúin sí suas an soitheach. Chuaidh sí annsin agus fuair sí túlán uisce bruithte, agus dhóirt sí síos ins chuile cheann de na soithighíbh é, agus dhóigh sí agus mharbhuigh sí iad. Annsin nuair a fuair an máighistear chuile rud 'um suaimhnis chaith sé trí chloch amach tríd an bhfuinneóig síos ortha; acht níor bhfuair sé aon áird mar bhí siad marbh. Nuair a chonnaic sé nach bhfuair sé aon áird leig sé é féin amach tríd an bhfuinneoig. Nuair a fuair sé marbh iad d'imthigh sé leis amach as an mbaile mór. Faoi cheann tamaill bhí mach an fhir a marbhadh agus bean óg eile ag dul ag pósadh, agus chuaidh an sgéal amach. Chuala an fear seo é, agus bhí sé ar inntin i gcomhnuidhe iad a mharbhadh. Nuair a bhí an bhainfheis ann tháinig an fear seo ann agus bhí an-fháilte roimhe, mar bhí sé gléasta suas le éadaigh bhreághtha. Bhí sé féin agus an cailín ag damhsughadh, agus bhraith sí go raibh rud eicínt faoi 'na chóta mór aige. Bhí sí ag coinneál a súile air igcomnuidhe, agus chonnaic sí go raibh scian mhór faoi 'na chóta aige. Nuair a fuair sí an deis air tharraing sí anuas an scian agus chuir sí tríd a chroidhe i agus mharbhuigh sí é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0676: Open Sesame
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó hIarnáin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
    Informant
    Bairtle Ó hIarnáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway