School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 132
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus nár thugadar aon sopé dhó; acht an scioból i.n.a raibh sé na chomhnaidhe. "bhoil", a deir an fear siubhail annsin, "coinnigh mise go ceann lae agus bliadhain i mo bhuachaill aimsire agat, agus má ghníomh tú mo chomhairle ní bheidh tú níos measa dá bharr." "Ó? a deir an fear bocht, "ní bheidh sé i-n mo chumas-sa aon tuasardal a thabhairt dhuit." "Tá sin go maith", a dubhairt an fear siubhail.
Nuair a tháinig an oídhche d'imigh an fear siubhail agus a mhaighistir go dtí feilm an fhir shaidhbhir agus thugadar abhaile leó caora bhreágh reamhas, agus mharbhiugheadar í agus d'itheadar í. Nuair a bhí sí ithte rinne sé an cleas céadna le ceann eile. Fá cheann tamaill thugmháthair na beirt dhearbhráthar fá ndeara go raibh páirtí an fhir bhocht ag reamhrughadh agus ag teacht chuca féin go maith. D'orduigh sí dá mac í a chur isteach i.g.cómhra agus an glas a chur uirthi, agus a dóthann le n-ithe a fhágail aice ann. Cuireadh an chomhra isteach ag an bhfear bocht agus sé an leith-sgéal a tugadh nach raibh aon áit le n-a-aghaidh na teineadh agus poll an ghlaisi. n-gar do'n temidh.
Nuair a tháinig an fear siubhail isteach tráthnóna, chonaic sé an comhrá, agus chuir sé tuairisg céard a bhí ann. Dubhairt an fear bocht go mba é a dhearbháthair a thug ann é agus nach raibh a fhios aige féin céard a bhí ann agus nach mbachfaidís leis. Dubhairt an fear siubhail, annsin, nach mbeadh n-déanfadh sé aon cheo go mbeadh a fhios aige céard a bhí(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Gort na gCapall, Co. Galway
- Informant
- Peadar Ó Briain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Gort na gCapall, Co. Galway