School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 142

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 142
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aríst . Chuaidh sí go Gaillimh. Ar theacht ar air aríst uirthi go dtabharfadh sí bainne do'n pháiste. An t-am a chuaidh sí isteach bhí an sean-fear ah caoineadh i gcomhnuidhe. ?Nuair a fuair sí an deis, d'fhiafhruigh sí de cé an fáth go raibh sé ag caoineadh. "Innseóthadh sin duit," adeir sé. Tá fear insan mbaile a bhfui; loiligeach óg aige, agus i gcionn seachtmhaine caillfear í. Ag fear an tíghe seo a bheidh sí, agus mise a bhéas i-n-a háit. Imtheóchaidh sé thart ar na comhusranribh dhá dhíol i-n-a phíosaíbh go ndéanfaidh sé luach bó. Ná ceannuigh thusa aon phíosa di, mise a bheas i-n-a háoit. Cé an chaoi a n-aithneóchaidh mé gur tú. Gheochaidh tú sop agus déanfhaidh tú fáinne dhe ar do mhéir. Cuirfidh tú i-n-do bhéal é, agus chídhfidh tú gur mé a bhéas ann. Tháinig sí abhaile agus i gcionn seachtmhaine cailleadh an loiligheach. Bhí an fear ag dul thart ar na comhursanaibh go gcoinneóchadh siad píosa. Bhí go leor acu dhá choinnéal. "bh'fearr dúinn" adeir an fer leis an mhnaoi seo píosa de'n fheoil a choinneal. "Ní choinneithadh," adeir an bhean; acht má's maith leat féadfaidh tú luach píosa athabhairt dhó de'n airgead." "Mar sin féin," adeir sí, "gabhaidh muid ag breathnughadh uirthi go bhfeicimid í". Chuaidh agus ba bhréagh an beithidheach í. Tharraing sí amach a fáinne. Chuire sí ar a súil é, agus ba é an sean-fhear a bhí ann. Bhí a chloigeann le fánaidh agus maide i-n-a dhá ioscáidh. Shín sí an fáinne ag an bhfear agus bhreathnuigh sé thríd, agus chonnaic sé é. "Ó" adeir sé, "táin réidh léithe". Tamall 'na dhiadh sin chuaidh sí ar an aonach. Chonnaic sí an fear óg ag dul thart. Shiúbhail sí go dtí é, agus chuir sí fáilte roimhe. D'fhiafhruigh sé dhi cé acu síul a bhfaca sí leis é. 'Spáin sí an t-súil dó, agus sháith sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhlaithbhearta
    Gender
    Female
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó Flaithbhearta
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Fearann an Choirce, Co. Galway