School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní maith le daoiníbh tosughadh ar aon obair Dia Satharn, acht dar le daoiníbh is ádhmhail an rud tosúghadh ar chur fataí, coirce, cruthneachta agus rudaí mar sin. Dia h-aoine. Bhíodh na nósanna seo coitcheanta anois. Ní dhéanann cuid mhór de na daoiníbh mórán oibre "lá Crosta na bliadhna", acht ní thosuigheann aon duine sean ná óg ag déanamh tíghe nuadh ná ag cur síol ná aon chuireadóireacht an lá sin. Deir na sean-daoine go mbíonn "lá Crosta na bliadhna" ann gach seachtmhain san mbliadhain. Ba gnás le na sean-daoiníbh cuid mhór ubh ithe Dómhnach Casga. Ba gnás eile a bhíodh aca dá bhfuigheadh gasúr nó duine fásta ar bith toirtín cupla uan óg roimh Dómhnach cásca nó roimh lá'l Pádraig gheobhadh sé sé ubh agus dá bhfuigheadh sé toirtín aon uan óg amháin ní bhfuigheadh sé acht trí ubh.
- Collector
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Gender
- Female
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Ó Flaithbhearta
- Gender
- Male
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway