School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 220
- XML “An Drochshaol”
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Nuair a bhí an droch-shaoghal ann fadó do loic na fataí, beagnach ins gach chuile áit. Tá sé sin tuairim is dhá chéad bliadhan ó shoin. Cuireadh na fataí agus tháinig na barranaí aníos. Tháinig an Dubhachán ortha, agus maidin amháin nuair a d'éirigh na daoine d'airugheadar an boladh a bhí ó na barrainaíbh. Tharla sé sin tuairim lá'l t-Sin Seain. tháinig an bhliadhain sin go dona. Thánig an gorta agus tinneas ar na daoiníbh. Cailleadh an cuid is de na daoiníbh, acht mhair corr-dhuine, agus séard a sheas dóibh sin biadh an chladaigh. Bhídís ag ithe báirneacha, sleabhcháin creathnaigh, faochan agus carraigín. Bhruichidís na báirnigh, agus chuiridís min bhuidhe ar an rúgh. An bhliadhain ina dhiadh sin chuireadar fataí darbh ainm "Regions" Fuair siad ó'n tighearna talamhna darbh ainm "Major Fair" d'fhás siad maith go leor. Ní raibh siad i bhfad ag médughadh san ithir, agus faoi cheann cúpla bliadhan bhí a ndóthain fataí agus bidh acu. Ní raibh aon ghorta ariamh a bhí chomh dona leis.(continues on next page)