School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 222
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)taobh fluich agus taobh tirim, agus an dream acu a déarfar go mbeidh an taobh fluich thuas agus go deire n-iompóchaidh an taobh tirim thuas, caithfidh an dream sin dul taobh amuigh, agus an dream eile ag bualadh na liathróide adcu. Caitheann gasúr de'n dream amuigh an ball suas ag duine dena daoiníbh istigh agus buaileann sé sin í le maide atá timcheall dhá throigh an fhaid, agus cuireann sé amach ag an dream amuigh í.
Annsin ritheann an gasúr a bhuaileann an ball go dtí an "daor" taobh amuigh. 'Sé an nidh "daor" ná cloch leagtha timcheall ochtmóghadh slat ó'n áit a mbuailtear an "ball" agus má fhéadann duine de'n dream amuigh é a bhualadh leis an mball sul a shroiseann sé an "daor", beidh sé dóighthe, agus gabhaidh an dream amuigh isteach annsin ag bualadh amach na liathróide ag an ndream a bhí istigh ar dtús. Bítear ag bualadh cead adhmaid atá dhá orlach ar fhaid, agus cuma uibhe fada air. Cuirtear poll san talamh agus cuirtear an cead síos ann agus buailtear é leis an maide san aer. San Samhraidh is mó a déantar iad seo thuas. Bíonn na buachaillí ag imtheacht le crúsca gloinne agus coinneal thíos ann, agus core ar(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
- Informant
- Tomás Uá Chonghaile
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway