School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 270
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach san teach acu iad féin a choisreacan leis an gcrois seo. Bhéaraidís cliabh fataí dóibh annsin. Bhíodh an rann seo ghá rádh acu. Crios Bríghde mo chrios, crios na cheithre gcros. Más fearr atá tú andiu, go mba seacht fearr a bheas tú bliadhain ó indiu.
Lá'l Stiofáin:- Gheibheann na buachaillí meacan ráibe, agus cuireann siad poll i-n-a lár agus cuireann siad cleite timcheall ar an bpoll. Teigheann siad thart ó thígh go tígh agus gheibheann siad airgead. Bíonn an rann seo ghá rádh acu.
Dreóilín a chonnaiceas lé h-ais cairn chloich'. Do chaitheas mo mhaide leis is bhriseas a chos. Rí na n-éan é, má tá sé beag. Éirigh id shuidhe, a bhean an tighe, agus líon chugainn deoch.
Lá'l Pádraig:- Cuireann na daoine isteach an t-seamróg is beag duine nach ndéanann trosca san gCarghas ar rud éicint.
Luan Cíncise:- Ní dhéanann na daoine aon obair mhór an lá sin, agus ní maith leo dul ar an bhfairrge acht an oiread.
Lá Bealtaine:- Ní chatheann na daoine amach aon luaith Lá Bealtaine. Ins gach uile baile socruigheann siad teine mhóir, agus(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- Eochaill, Co. Galway
- Informant
- Seán Uá Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- Eochaill, Co. Galway