School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 272
- XML “Ainmhithe na Feilme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seo é an chaoi a nglaodhtar ortha: an bó deirtear Sug! sug! léi, leis an gcapall Pró! pró, leis an gcaoirigh Shough! Shough! leis an gabhar, Bet! bet! Sé an chaoi a ngalodhtar ar na h-éanlaith tíghe, an chearc: Tioc! tioc! an lacha: Feed! Feed! an gé: Beadaigh! Beadaigh!
Séard a deireanns duine nuair a bhíonns na ba dhá thíomáint aige Feoch! Feoch! in-ainm Dé. Sé an t-ainm a tugtar ar thígh na mbó ná teach na mbeithidheach. chuirtear tuighe agus féar tirm mar easair faoi na buaibh. Dhá mbeadh na ba nó na gamhna ag imtheacht bradach chuirfidhe crúmasc ortha. Sé an nidh crúmarc ná rópa a chur faoi'n muineál agus snaidhm a chur air nach bhfáiscfeadh an muineál. annsin, ceanglaightear ar a cois é an chaoi nach bhféadfadh sí a cloigeann a chrocadh árd. Ba ar bith a bhíonns contráilte ar iad a bhleaghan cuirtear buarach ortha. Sé an nídh buarach ná rópa agus súil ar cheann de agus(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
- Informant
- Bairtle Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway