School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Page 014
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a léitheid ag teasdáil uaidh, agus shocruigh sé leis go cheann lá agus bliadhain, agus dubhairt sé leis nach raibh aon airgead aige le tabairt dhó, acht go dtiubharfadh sé snáthadh dhó, agus nach mbeadh aon táilliúr (is) ins an domhan chomh maith leis, agus dubhairt sé go raibh sé sásta. Bhí an ceathrú mac ag imtheacht, agus chas fear leis agus d'fiafruigh sé dhó cá raibh sé ag dul, agus dubhairt sé gur ag cuartú obair. Glacfadh mise thú go ceann lá agus bliadhain acht níl aon airgead agam le tabairt dhuit, acht múineadh mé an chéird dhuit, agus bhéidh tú i do rógaire. Tá go maith I gceann lá agus bliadhain, tháinig siad le chéile ag ceann na cheithre bóithrí agus chuaidh siad abhaile go dtí a n-athair. D'fiafruigh sé mhac ba sine, céard a bhí aige de bharr a bhliadhna, agus dubhairt sé leis nach raibh aon cheó aige acht guna, tá go maith béidir go marbhtha cor greim leis. Céard atá agata-sa [!] adeir sé leis an dárna mac, níl aon ceó agam, acht gloine, agus níl aon rud as cíon talamh na faoí thalamh nac féidir liom a fheiceal leis. Céard atá agatsa a deir sé leis an tríomhadh mac, níl aon rud agam, acht an méid sin de shnathadh, agus níl aon táilliur ins an domhan cho maith liom. Céird mhaith, béidir go mbfainfadh do bheatha aiste. Céard atá agatsa, níl aon cheó agam, acht go bhfuilin in mo rógaire,. Céird mhaith, acht is dóca go mbeirtead ar an(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Curraidhin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Doire Locháin Thiar, Co. Galway