School: Uachtar Árd (roll number 4786)

Location:
Oughterard, Co. Galway
Teacher:
An tSr M. S. Iognáid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 181

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 181

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Uachtar Árd
  2. XML Page 181
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cillaráine agus connaiceadar poll ag dul isteach faoi leic mhóir a bhí faoi crann. "Se seo an áit ceart leis an sparáin a cuir" adeir duine aca. "Is bréag an ait é gan amras act bféidir go dtuitheadh sé isteac ar fad" arsa an darna fear. Lionaimid suas le clocaib é" adeir an tríomadh fear.
    Shocruigheadar suas é an lá dar gcinn agus cuiredar isteach an t-áirgead ann. Timcheall is coictigheas i na dhiaidh sin tainig na saigdiuírí ar a dtoir. Bhí saighdiúirí ón b'Frainc sa tir seo an t-am sin agus b'iad cuid acu cuaid i n-dhiaidh na bhfear. Nuair a chuala na fir go raibh siad ag teacht chuireadar dhá cat ag faireadh ar an airgead. Rugadh orra agus marbhuigheadh iad.
    Blianta agus blianta i na dhiaidh sin bhí fear bocht as Cluan na Binne ag cuairt i dteach i Mághchuillin agus chuala sé an sgéal. Ar a bhealach abaile an oidce sin shocruig sé dul ag cuartughadh an airgid. Bhí fhios aige dá bfhéadfadh sé é fhágháil nac bhfeicfead sé lá bocht coidhche. Maidin lá ar na bhárach fuair sé láighe, piocóid agus rudaí eile agus isteach leis sa gcoill. Bhí sé ag tocailt leis nó go raibh chuid de na clocaí tógtha amac aige. Bhí an créafóg ag tuitim isteach air agus níor fhéad sé é a coinghbhéall amach. Faoi deiread suidhe sé síos mar bhí an t-allus ag tuitim anuas i n'a bhraonacha móra uaidh. Chuala sé torrann mór istigh sa leic agus "mí-adha, mí-adha, mí-adha, imthigh leat abhaile nó marbócaidh muid tú," arsa guth istigh ann. Rith sé abhaile cómh maith in-Éirinn is dféad sé.
    Ní dheachaidh aon duine i ngar do'n áit ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    Oughterard, Co. Galway
    Informant
    Mrs Donnellan
    Gender
    Female