School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 361
- XML “Seanchas Stairiúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá oileán amuigh i Loch Coirib agus tugtar "Caisleán na Circe" air. Tá a lán seanchas ag baint leis an oileán seo.Bhí na Flaithbheartaigh i n-a gcómhnaidhe ins an oileán fadó. Bhí faitchíos ar gach duine roimh na Flaithbheartaigh. Bean a bhí i gceannas an airm agus sgríobh sí leitir chuig Eilíse ag rádh léithi go raibh sí umhail dí. Cleas é sin a bhí aice chun í féin do chosaint ó na Sasanaigh. Annsan bhronn Eilís an tideal caiptín uirthí. An Chaiptín Bean Ó Fhlaithbheartaigh a ghlaodhtar uirrí as sin amach.Cé go raibh sí umhail do Shasana bhí sí gaedhealach i n-a croidhe. Tá gleann mór ins an oileán agus bhíodh na Gaedheal i bhfolach annsin. Thagadh na Sasanaigh go dtí an t-oileán go minich. Tá caisleán eile in aice le Uachtarárd agus tugtar "Caisleán Achad an Iubhair" air. Bhí dream eile de na Flaithbheartaigh i n-a gcómhnuidhe ins an caisleán seo. Tá go leór crainn iubhair ag fás i n-aice leis an gcaisleán. Sin é an fáth gur tugadh an t-ainm sin air.Deirtear gur féidir le cat fiadhán suibhal treasna orra, tá siad cómh tiugh sin. Bhí troid idir an dá dream uair, agus bhí an buadh ag na(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13