School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 366
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- De phlúr cruithneachtain agus de min-choirce a dheineadh na sean daoine an t-arán fadó. Uaireannta nuair nach mbeadh a ndóthain phlúir aca dheinidís cáca de phrátaí agus mhin choirce ar a dtugtar bocstaoí.
Ní cáca eile aca ar a dtugtar cáca prátaí.
Ní théigheadh na daoine chun an muilleann an uair sin acht mheileadh siad an cruithneacht iad féin le bró. Sé is bró ann na cloch leathan agus poll ins lár agus cos len' é a chasadh. Tá go leór acu san áit fós acht ní úsáidtear iad.
Thugadh na sean daoine bastabhla ar árús an arán. Leac no claibín an bastabhla a tugtar ar an gclúdach. Leac a bí acu mar chlúdach fadó, agus uaireannta bhí clúdach ádhmaid acu. Bhí greideal aci freisin leis an gcáca a bhácail. Bhí píosa iarainn faoí an ngreidil ar a dtugtar crannán. Chuiridís an cáca ar an gcrann go dtí go mbeadh goradh maith faghtha ón teine agus annsin cuiridís ar an ngreidil, é.
Ar losaid a déantar an cáca a fhuint. Nuair a bios an bainne measgtha(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Age
- Over 60
- Address
- Gorterwulla, Co. Galway