School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 390
- XML “Grinnscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Grinn-ScéalSeo é an sean-scéal a chuala mé. Bhí fear ann fadó agus soar [!] cloch a b'eadh é. Bhí aon mach amháin aige. Lá amháin chuir sé an mac chuig an mhargadh lá ama [!] agus thug sé craiceann caorach dó agus dubhairt leis gan teacht abhaile chuige féin gan teact an craiceann sin agus a luach. D'imhthigh an mach chuig an mhargadh agus chuile dhuine a d'iarrfhadh dhó luach an craiceann déarfhadh sé "craiceann agus a luach." Bhí sé a dhul thar teach mhór agus bhí cailín aimsire ann. Thóg an cailín an craiceann agus bhain sí an t-olann de agus bhain sí leath den craicean[n] dhe freisin. Annsin thug sí pighinn go leith agus an méid eile don craiceann dhó arís. Nuair a tháinig sé abhaile chuig a athair dubhairt sé leis í sin a phósadh. Phós sé i agus thug sé leis abhaile í. D'iarr tighearna talamh air teach a dheanaidh dhó fhéin. Thosuigh an saor cloch ghá dhéanamh, agus bhí an tighearna le'n a marbhú nuair a bheadh an teach mór déanta aige ar eagla go ndéanfhadh sé teach chomh deas leis do dhuine ar bith eile. Chuile áit a bheadh an saor cloch ag obair(continues on next page)
- Collector
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Gender
- Female
- Informant
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Gender
- Female