School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 379

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 379

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 379
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do luigh an droch-shaoghal go trom ar an gceanntar seo agus níor bhréag "droch-shaoghal" a thabhairt air, acht buidheachas le Dia níor mhair mé an t-am úd.
    San mbliain 1846 chonnaic na daoine galar eicínt ag teacht ar na prátaí ar dtús. Sé'n galar a bhí ann ná an dubh. Shíl na daoine nach ndéanfadh sé mórán dochar do na prátaí acht nuair a lobhadar as éadan ins na pollaibh agus ins na tightibh bhí uathbhás mór ortha. Bhí na daoine ag brath an uair sin ar na prátaí agus ní raibh aon phlúr ná min le fághail an uair sin mar tá anois. Bhí beagán plúr ag teacht ó Americá ar a dtugtar "plúr Americá" air, acht ní raibh á cheannacht ach na daoine saidhbhre.
    An bhliain i na dhiaidh sin chuir na daoine na síol airís acht theipeadar airís. Annsin bhí na daoine bochta ag fághail bháis leis an ocras agus leis an bhfiabhrais. Deirtear go raibh 8,000 daoine i n-áit amháin a fuair bás de'n ocras gan cómhra gan braitlín ar éinne aca.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Age
    13
    Informant
    Uaitéar Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Age
    Over 60
    Address
    Gorterwulla, Co. Galway