School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 370

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 370

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 370
  3. XML “An Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níor chuala mé mórán faoi stoirmeacha ach amháin faoi "Oidhche na Gaoithe Móire." Adeirtear gur siar i Rosmuc a thosuigh an stoirm. Do leag sé na tighthe agus na stáblaí go léir beagnach agus rinne sé go léor díoghbhála do gach rud. Adeirtear go raibh go léor iasg suas ar bhruachaibh Loch Coirib agus bhí an ghainimh freisin suas ar na bruachaibh. Sguab an stoirm go léor báda freisin. Adeirtear go raibh go leor daoine nár chuala an stoirm cor ar bith. Bhí fear agus a bhean ina gcómhnuidhe síos i nGleann agus ar maidin a d'eirigh, nuair d'éirigh an fear chroch sé síos na fataí agus chuaidh sé amach. Chonnaic sé go léor sórt fintanach ar an loch. Tháinig sé isteach arís agus dubhairt sé leis an mnaoi go raibh rud cosamhail le díon na tighthe ar an loch. Dubhairt sí leis dul amach ar an gcruachán agus féachaint ar na tíghthibh. Chuaidh sé amach agus nuair a tháinig sé isteach arís dubhairt sé "dheamhain teach ar an sráid nach bhfuil scuabtha taréis na h-oidhche," agus níor mhothuigh siad-san aon rud. Fuair go léor daoine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    2. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish
    Collector
    Criostína Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female
    Age
    13
    Informant
    Brighid Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female
    Age
    Over 50