School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 373
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tobar beannuithe i n-aice an reilig atá ins an áit seo. Tá sé suidhte i gcoill beag, agus tobar Naomh Chaitbert a tugtar air.Deirtear go raibh droch fear ann uair, agus bhí sé ag iarriadh an tobar a dhúnadh le cloch. Dubhairt sé leis na fir a bhí ag obair leis an cloch a caitheadh síos an chnoic i dtreó an dtobair. Dubhairt siad leis nach ceart an cloch a cuir isteach sa tobar. Dubhairt sé "má tá cumhacht ag an dtobar anois ní rachadh sé isteach". Cuir sé an cloch síos an chnuic le fánaidh ach i n-ionaid dul isteach ins an dtobar chuaidh sé suas an cnuic le fáinnc. Bhí faitchíos mór ar an bhfear annsin mar bhí fhios aige gur míorbhail a bhí ann. Nuair a chuaidh sé abhaile an oidhche sin bhí an t-aon mhac amháin a bhí aige marbh.Tá crann i n-aice an tobair agus níor mhaith le aon duine é a ghearradh. Bhí an fear seo ag iarriadh é a leagaint isteach sa tobar. Ní raibh ach aon slis bainte aige nuair a thosuigh an crann ag tabhairt fola go trom. Tháinig faitchíos mór air annsin agus thuit sé marbh ar an bpuinnte.(continues on next page)
- Collector
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Gender
- Female
- Age
- 50