School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Cheárdanna
Do bhí sean-duine ina chómhnaidhe i mBaile an Mhuillinn tímcheall 90 bliadhain ó shoin. Seán na mBireán a thugtaí air. Tugadh an ainm sin air mar do dheineadh sé bireáin. Do dheineadh sé téadracha chómh maith. Do bhí bothán tógtha aige i mBaile na Buaile agus do bhí mórán úirlisí ann aige i gcóir a chuid oibre agus do bé fé féin a dhein na h-úirlisí sin ar fad chun na dtéad agus na mbireán do dhéanamh. Do théidheadh sé chómh fada le Tráighlí chun na dtéad do dhíol. Bhí na téadáin a dheineadh sé i bhfad Eireann ní bfearr ná na téadáin a gheibheann le díol fé láthair. Ana fhear seóid do b'eadh é agus do bhíodh sé i gcómhnaidhe ag magadh fé's na daoine tímcheall na h-áite. Do bhíodh sé ag rádh gur bé an rud a bheadh na daoine ag glaodhach ar sara fada ná fear foghluma cliste(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Gribhthín
- Gender
- Male
- Address
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Kerry
- Informant
- Bríghid Ní Gríbhthín
- Gender
- Female