School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dtí an t-Aifreann, agus go mbeadh an t-arán bacáltha aice nuair a thiocfadh sí. (Ní fada i n-a dhiaidh sin). Nuair a tháinig Maolghobbí ón Aifreann, bhí an bhean imthighthe agus gach rud déanta aice. Ní fada eile i n-a dhiadh sin a bhí an bheirt eile agus d'fhiafruigheadar di cionnus a dhein sí an bácáil agus an áit do ghlanadh chomh deas agus dubhairt sí leo gur dhein sí é.
An Domhnach i n-a dhiaidh sin dubhradar léi an rud céadhna do dhéanamh. Comh maith do dhein agus tháinig an bhean céadhna agus dubhairt sí léi dul go dtí an t-Aifreann agus thug sí gad di agus dhein capall breagh mór den ngad agus i n-a theannta san thug sí culaith breagh éadaigh agus peidhre bróg di . Thug an capall go dtí an t-Aifreann í agus d'fhan sé amuigh léithi go raibh an t-Aifreann ráidhte agus chuaidh sí ag marcaidheacht arís air agus bhí súil gach duine ag féachaint uirthe le n-áilneacht. Bhí sí sa bhaile arís roimh an bheirt deirbhséar agus a sean-éadach curtha uirthe aice. Do bhí gach duine ag féachaint uirthe agus ag cainnt ar a h-áilneacht agus ar a h-aoibhneas.
Dob' é an sgéal céadhna aice é an tríomhadh Domhnach. Nuair a bhí sí ag teacht amach as an Séipéal, sciob mac an Ríogh an bhróg dhi agus gaibh sé timcheall an phobail féachaint cérbh í an bhean go 'runochadh an bhróg dheas í. Tháinig sé go dtí tig Mhaolgobbí agus nuair a bhraith beirt(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbha, Co. Kerry
- Informant
- Tadhg Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Ghráig, Co. Kerry