School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gclathach go bhfuil déanamh na seamróige ortha. Nuair a bhíonn triuch ar leanbhaí tugann daoine leo na billeoga so agus deineann siad iad do bheirbhiú i n-uisge agus gráine siuicre ortha. Deirtear go bhfuil siad go h-ana mhaith chun treacha do leigheas.An t-Arán Glas.
Fásann an plannda seo ar thaobh sean-tighthe. Plannda fada iseadh é, an síolta beaga ag fás amach as. Tá leigheas annso do chapán a thiocfadh ar dhuine. Baintear an luibh agus deintear é meascadh le min ruis. Cuirtear ag beirbhiú annsan é agus cuirtear leis an bpaiste tinn é agus bíonn sé leighisdte tar éis cúpla lá.Luibh na Liaithe Buidhe:-
Plannda beag é seo a fhásann ar bárr na gclathach nó ar thalamh garbh sleibhtheach. Tá déanamh an chupáin air. Deirtear go leighisfeadh sé an liath-bhuidhe. Baintear an luibh agus beirbhightear i mbraon uisge é agus annsan óltar an t-uisge.Caisreabhán na Coise Deirge:-
Tá dá shaghas caisreabháin ann. Ní'l aon nimh sa chaisreabhán a fhásann ar an dtalamh tirim acht tá saghas eile(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Súilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig O Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry