School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 027
  3. XML “Sprideanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ar an "gCé" fadó, "Maire Sheamuis" - áintín do "Mhici Sheamuis," a mhaireann go láídir fos, 'na phinsinéir 75 bliana, -do bheadh í. Bhíodh "bean siubhail" ag fanacht sa tig anois 's arís aici. Lá amháin chuaidh Máíre chómh fada le Clochán a d'iarraidh teachtaireacht éícint, agus nuair a bhí sí a teacht abhaile do tharla ciot trom báistighe agus í díeach ag "Gleann-guirt-a' tSagairt." Tá cros-bhóthar annsan agus é leath slighe idir Chlochán agus an Cé, agus bhí droch-ainm riamh ar an áit mar gheall ar na púcaí.
    Cé bhuailfeadh léithi annsan, ná an "bhean siubhail," agus ó'n uair go raibh an uain chómh h-olc san, chuadar araon fé scáth tuir, ó'n bhfearthainn, a bhí ar taobh an bhóthair. Ní fada bhíodar cromtha fe'n dtor nó gur thairrig an "bhean siubhail" a píp chúichi agus tar éis í dheargadh, do sín sé chun Máire í. Do ghlac Máire an phíp, agus do thairrig uirthi go raibh sí dubh aici, mar deirtear go raibh an diabhal de shúil ag Máire i dtobac;
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Nóra Nic Gearailt
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    An Cheapaigh, Co. Kerry