School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 092
- XML “Scéal na Dreancaide agus an Feirmeoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 92/
Sceal na dreancaide, agus an feirmeóir
Bhí fear oibhre ’na chómhnaidhe uair amháin ar an dhtaobh [sic] thiar de’n nDaingean, agus do tharla go raibh obair tearc go leór sa cheanntar san an tráth so. Do bhuail feirmeóir ó’n “Mullach” leis lá, ar sráid an Daingin, agus ó’n uair gur theastuig seirbhíseach go cruaidh ó fhear a’ Mhullaig do reidhtígheadar le na chéile ar feadh bliana. Do bhí sé sa mharga eatortha in eamais an airgid bliana, dá nglaodhadh an feirmeóir bitheamhnach ar an seirbhíseach, nó dá gcuireadh sé éitheach na leith, ar aon t-slíghe, go mbeadh an bhliain istig, go gcaithfeadh sé ní h-amháin a thuarastal bliana do thabhairt do, ach dá chéad púnt chómh maith.
Thángadar an Mullach, agus an tarna lá d’eirigheadar go moch ar maidin agus chuadar amach ’an ghort a’baint choirce.
Bhíodar ag obair leo ar feadh tamaill, agus b’ait leis an seirbhíseach an saghas coirce a bhí sa ghort. Léasacha beaga scáinnte a bhí ann agus an gráinne dá réir. “Nách aindeis an saghas coirce a bhíonn agaibh annso”, arsa an seirbhíseach ar deire, “is feárr seacht n-uaire an coirce a bhíonn am dhúthaigh se”.(continues on next page)- Informant
- Eogan Ó Néil
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Tír Íochtarach, Co. Kerry
- Informant
- Seán Jack Ó Bric
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- An Tír Íochtarach, Co. Kerry