School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 165
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá leigheas i "bhfíor uisce" dá dtógtaí as an tobar é díreach le h-eirighe gréine.”
Tá leigheas i "bhFíor Uisce" dá dtógtaí as an tobar é díreach le h-eirighe gréine.(no title)
“Bhí fear ar an "dTír" fadó agus d'oibrigheadh sé go dian ar an bhfeirm a bhí aige, go dtí go dtagadh an Ré Nuadh i gcomhnuidhe.”
Bhí fear ar an "dTír" fadó, agus d'oibrigheadh sé go dian ar an bhfeirm a bhí aige, go dtí go dtagadh an Ré Nuadh i gcomhnuidhe.D'fhágadh sé annsan í chómh luat is thagadh an Ré, agus ní chídhtí arís é, go dtí go mbíodh an "Ré Nuadh" imighthe. Nuair a chuirtí ceist ar muinntir an bhaile na thaobh - cá raibh sé imighthe - deiridí - "Go raibh se imighthe le Gealaidh."(no title)
“Deirtear dá n-íosadh duine "Súil Muice" go gcídhfeadh sé an "Ghaoth".”
Deirtear dá n-íosadh duine "Súil Muice" go gcídhfeadh sé an "Ghaoth". Cidheann na muca í i bhfuirm - liathróide deirge.(no title)
“An náire is mó fuair "fionn" riamh do bheadh - "An ghreim deireannach 'na bhéal 's gan faic aige na dhóid".”
An náire is mó fuair "Fionn" riamh do bheadh - "An ghreim deireannach 'na bhéal 's gan faic aige na dhóid."(no title)
“Leigheas de "tinneas fiacaill" iseadh Ceann Grainneóige do bheadh beirbighthe, agus é fuaighte as chuid éadaig in áit éicint agat.”
Leigheas de "Tinneas Fiacaill" iseadh Ceann Grainneóige do bheadh beirbhighthe, agus é fuaighte ad chuid éadaig in ait éicint agat.- Informant
- S. Ó Loineacháin
- Age
- 70