School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 136

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 136

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 136
  3. XML “An Fear a Fuair an Dá Chomhairle”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (An Fear a fuair an dá chómhairle)
    136/
    Do bhí fear agus bean fadó ’na gcomnaidhe i gCoill agus bhí aon mhac amháin aca, agus fear mór láidir do beadh é.
    Aon lá amháin dúbhairt an mac leo go raghadh sé roimis a’ tuilleamh a beatha feasta, gur mhithid anois do rud éicint a dheanamh dóibh.
    Maidin lá na mháireach d’eirgh sé agus d’ullamhuig sé é féin i gcóir an bhóthair. Nuair bhí se ullamh chun imtheacht do ghlaodhuig an t-athair air agus dúbhairt sé leis éisteacht leis.
    “Taoin tú ag imtheacht chun bóthair anois”, ar seisean, “agus seo cómhairle dhuit, cómhairle do leasa. Ná téig aon chosán agus ná déin fanamhaint in aon tig go mbeadh bean óg pósta ag fear críona”.
    “Imig leat anois”, ar seisean, “agus cuimhnig orthasan”.
    D’imig sé air, agus bhí sé a siubhal agus a siubhal go dtí ar deire gur bhuail fear ar an mbóthar leis ag Crosaire Cheithre Rian. Do cuireadar cainnt ar a chéile agus bhí an bheirt aca a dub an treó ceadna nuair thangadar comh fada le Crosaire na Cheithre Rian.
    “Téanam an cómhngar “, arse an Stróinséir. “Tá an cosánsan ar an dtaobh istig de chlaidhe a’dul ann, agus bhéamh anaonacht”.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Gráinne
    Gender
    Male
    Age
    79
    Address
    Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry