School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 157

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 157

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 157
  3. XML “Tír na nÓg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean i Lios na Caolbhuidhe fadó agus lá amháin chuaidh sí ar an gcnoc ag féireacht a cuid caorach.
    Do shuidh sí síos in áit chluthmhair chompórdach, agus bhí sí a' feuchaint uaithi amach ar an bhfairrge.
    I lár an lae ghléighil, agus í ag breathnú amach, do chonnaic sí uiscí na farraige ag druideamhaint ó na chéile sa t-slighe go bhfeaca sí cathair áluinn na steille-bheathaidh san áit 'na mbíodh borradh fairrge riamh. Bhí sí ag feuchaint amach ar an gcathair 's á tabhairt fé ndeara ar feadh i bhfad.
    Nuair bhí sé a deánamh ar buille an mheadhon-lae, do thosnuig na h-uiscí ar bhorradh arís, agus ba gheárr go rabhadar ar teann rás cún a chéile arís, agus i gcionn aga bhid" (?) do dhúnadar isteach lé na chéile arí agus sloigeadar an chathair gan a tuairisc.
    Nuair a tháinig an bhean san abhaile do innis sí dá h-athair gach a bhfeaca sí: agus láithreach fuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhan bean Uí Gearailt
    Gender
    Female