School: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teachers: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Buachaill Aimsire Agus Na Sidhe-Óga Bhí feirmeoir ann fadó agus bhíodh sé ana cruaidh ar a lucht oibre. Níor mhaith le h-aoinne dul ag obair chuige mar bhí an droch ainm air. Uair amháin bhí sé de mí-ádh ar buachaill dul ag obair chuige agus an chéad oidhche dubhairt an máighistir leis an mbuachaill seo eirighe go moch ar maidin, mar go raibh coirce le cur i bpáirc an tSrutha. Deirigh an buachaill leis an gcéad sholas ar maidin acht ní raibh aoinne chun a bhreacfast do thabhairt dó. Do bhí air dul ag obair gan greim d’ithe. Nuair a tháinig an dinnéar dob é an sgéal céadna é. Ar bun na páirce do bhí lios agus chúaidh an buachaill ann. Chonnaic sé sidhe-óga ann agus dubhairt sé leo go raibh ocras air. Do thug na sidhe-óga rud le nithe agus le nól dó agus thugadar airgead dó leis. Dubhairt sé leó núair a bheadh an coirce bainte aige ná déanfadh dearmhad ortha. Núair a bhí an coirce bainte aige chuir sé mála mór de in aice an leasa. Chonnaic(continues on next page)
- Informant
- Mrs Leahy
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Occupation
- Farmer's wife
- Address
- Muckross, Co. Kerry