School: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teachers: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aodhagán Ó Rathaille Rugadh Aodhagán Ó Rathaille timcheall na bliadhna 1675. Dá bhrígh sin chonnaic sé an cuid deiridh de’n dara ré de Stair filidheachta na Núa-Gaedhilge - Ré an mheathlúcháin, núair a bhí an sean-léighinn agus sean-ealadhna na héigse ag dul ar gcúl. Do bhí sé n-a ógánach núair a bhí an sean-duine, Dáibí ó Bruadair ag ceapadh filidheachta mar gheall ar éachtaibh an tSáirséalaigh.
Do chonnaic Aodhagán an t-athrú mór a tháinig ar Éirinn núair d’imthigh an Sáirsealach. Do chonnaic sé na sean-úaisle dhá ndíbhirt, sealbh a gcuid talmhan do bhaint de ghaedhealaibh, dlighthe pianaimhla dhá gceapadh i gcoinnibh creideamh na ndaoine, creachadh agus cos-ar-bolg d’á n-imirt ar chách ag Gallaibh.
Gheibhimíd pichtiuirí de’n droch shaoghal agus de’n atharrú mór a bhí ar siubhal, n-a chuid filidheachta. Ag dul i mbrónaighe a bhí a chuid amhrán do réir mar a bhí an saoghal ag dul in olcas. De réir deallraimh rugadh é san(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 92
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Meentoges, Co. Kerry