School: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teachers:
An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
  2. XML Page 249
  3. XML “Eoghan Rua Ó Súilleabháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Eoghan Ruadh Ó Suilliobhán
    B’é Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin an file dob óige d’fhilíbh Muimhneacha de’n tríomhadh ré de stair filidheachta na núa-Gaedhilge taobh amuich d’fhilíbh gan áird. Baineann sé le deireadh na Ré aimsir an mheathlúcháin-núair a bhí ealadhna cliste na bpríomh-fhile dá lot is dá truailliú ag rannairíbh glioca gan bun-smaointe, núair a bhí an binneas ag atharú chun gliogair. B’é Eoghan Ruadh file deiridh na “sgoile.” Sómpla maith iseadh é de lochtaíbh na sgoile agus de’n mheathalú a ráinig di i ndeireadh na Dála.
    Nuair a rugadh Eoghan Rúadh bhí na sgoile fé lán-réim, agus cuid de na filíbh ab fhéarr ag ceapadh amhrán mbinn. Dhein Eoghan Rúadh aithris ortha. Ghlac sé na smaointe úathu, ghlac sé na méadair úatha. Ghlac sé na téarmaí fileata agus na samhlaoidí úatha. Ghlac sé na fuirmeacha agus na múnlaí úatha. Dúbhairt sé na rudaí chéadna a bhí ráidhte aca san.
    D’fhígh sé na focail le chéile go cliste is go céolmhar, fé mar do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Age
    92
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Meentoges, Co. Kerry