School: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teachers: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seanchas i dtaobh na h-Aimsire Níl a lán eólas agam-sa i dtaobh na h-aimsire ach tá a lán eolas ag na sean-daoine mar gheall air mar atá:- Nuair a bhíonn scamaill dubha ag gluaiseacht go tapaidh ins an spéir sin cómhartha go mbeidh fearthainn againn. Nuair a bhíonn cearcal dearg timpeall na gealaighe sin cómhartha eile go mbeidh fearthainn againn. Nuair a bhíonn a lán réalta ins an spéir ‘san oidhche sin cómhartha go mbeidh sioc againn. Nuair a bhíonn tuar-cheatha ins an spéir sin cómhartha go mbeidh droch-aimsear againn.
Sa tSamhradh um thráthnóna nuair a bhíonn na cuileóga ag eitilt go flúirseach sé sin cómhartha eile go mbeidh droch-aimsear againn. Deirtear nuair a bhíonn na fáinleoga ag eitilt go h-íseal gur cómhartha é sin eile go mbeidh fearthainn againn. Deirtear nuair is dóigh linn go bhfuil na sléibhte in aice linn gur cómhartha é sin go mbeidh fearthainn againn. Nuair a bhíonn na sléibhte abhfad uainn deirtear go mbeidh deagh-aimsear againn.
Nuair a dheineann geabhna-fiadhna “U”(continues on next page)- Informant
- Caitlín Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female