School: Doirín Darach (roll number 7813/4)
- Location:
- Derreendarragh, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doirín Darach
- XML Page 016
- XML “Scéal Greannmhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad ó bhí cúigear buachaillí 'na gcomhnuidhe i n-áit éigin i gCiarraidhe. Fuair an t-athair agus an máthair bás nuair a bhíodar an-óg.
Bhíodar an bhocht agus ní raibh rud le n-ithe acu. Bhí duine des na dearbhrátharachaibh in a amadán agus bhí ministéir in a chomhnuidhe san áit agus bhí sé an shaidhbhir.
Cheapadar go mairbheóchadh siad é agus chómh maith do dheineadar. Do thógadar an t-airgead a bhí aige agus do chuireadar i bpoll san bportach é, agus d'fhilleadar abhaile agus nuair do chuimhnigheadar ortha féin bhí eagla ortha go sgéithfeadh an t-amadán ortha agus do mharbhuigheadar gabhar agus níor bhaineadar an croiceann de agus d'árduigheadar corp an(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Conaill
- Gender
- Male
- Address
- Gortacloghane, Co. Kerry
- Informant
- Eoin Ó Conaill
- Gender
- Male
- Address
- Gortacloghane, Co. Kerry