School: Gleann Beithe (B.) (roll number 4762)

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Séamus Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Beithe (B.)
  2. XML Page 112
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fear na gcon leis an bhfear eile nárbh aon cat é ach an Diabhal. Annsan dubhairt sé leis an cat a thabhairt leis an chéad lá eile a bhéadh sé ag dul go dtí an sráid-bhaile agus go mbeadh sé féin agus a sgata con ag an áit chéadna agus go bhfiafróchadh sé dhe cad a bhí sa mhála aige. Dubhairt sé leis a rádh gur ceirthlíní snáth do'n bhfigheadóir a bhí aige. Ar maidin lá ar na mhárach dubhairt an fear leis gcat go raibh sé chun é a bhreith ar an sráid bhaile chun na bróga d'fhághail. Do chuir sé isteach i mála é agus d'imthigh sé leis. Do casadh an fear air agus an scata con aige agus d'fiafruig sé dhe cad a bhí sa mhála. Dubhairt an fear gur cúpla ceirthlíní snáth a bhí aige. Arsa an fear eile "Beidh a fhios agam sar i bhfad. Do thóg sé an mála d'oscail sé an córda agus amach leis an gcat. Ní túisce a bhí an cat amuigh ná as go bráth leis na coin na dhiaidh. Do rugadar ar an gcat mbocht agus nuair a bhí sé ag dul chun bháis dubhairt sé trí uaire. "Nách deas an pheidhre bróg é seo a chuiris á ndéanamh dom. Nuair a tháinig an fear abhaile an odhche sin bhí an cat beag na shuidhe i n-aice na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2412C: (The Cat Asks for Boots)
    Language
    Irish
    Collector
    Donnchadh Buaman
    Gender
    Male
    Address
    Kilnabrack Lower, Co. Kerry
    Informant
    Bean Ní Scolaoich
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Kilnabrack Lower, Co. Kerry