Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- XML Leathanach 0065
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí Máirt na h-inde agus ar Máirt na h-Inde gan duine nach bhFuil pósta cuireadh salainn ortha le iad a coinneál úr go dtí an blian atá ag teacht. Nuair a pósadh duine fadó agus nuair a mbhíod siad ag tarraingt abhaile tar éis an phósta bheadh punanna tuighe ag lasadh ag gach cros bhóthair agus ag gach teach ar an mbealach agus na daoine bailighte in a sluaghte agus iad ag glaodhac go hárd agus a rádh "Go gcuiridh Dia an tádh oraibh" Sa tsean saoghal an céad máirt a teigheadh na daoine cuigh an baile mór tar éis a bhainfeis a bhí in éinfeacht leo agus dul isteach i dtigh osta agus suidhe thar timcheal an bhord ag ól agus ag cainnt agus nuair a bhíod iomchaire olta aca bhí ag gach duine a cuid fhéin d'ioc as an ól. An "Eirghe Amac" a tugadh air sin Fadó. Ní pósann duine ar nith sa tsean saoghal i-mí bealtaine mar dubhradh go mbheadh mí ád ag an pósadh a rinne i mbealtaine.
Seachtmhain Roim an pósadh déantar eleamhnais agus tugtar airgead no stoc.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Filomena Ní Laimhthe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Laimhthe
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Chonlachta, Co. na Gaillimhe