Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)crann agus go raibh éan ann. Chuaidh Micheál in áirde ar an crann, bhain sé a cota dhe agus clúduigh sé an nead agus d'éirig leis an t-éan d'fághail. Bhí trí uibheaca san nead agus bhí rudaí sgríobhtha orra, acht ní raibh síad in-dhon léigheamh. Thug síad an t-éan agus na h-uibheacha abhaile leó.
Nuair a connaic an fear ó Áth Chinn an éan bhí áthas mór air agus do léigh sé na rudaí a bhí ar na h-uibheaca, séard a bhí ann ná an duine a iosóchadh croidhe an éin go geobhfadh sé spiarán d'ór faoí a gcinn gach maidin.
Dubhairt sé le bean Uí Mhórdháin an éan a mharbadh agus an croidhe a friocadh agus an leaba a dhéanamh. Chuaidh sé amach ar siubhal agus fad is bhí sé amuigh tháinig an beirt mac isteac agus bhí ocras mór orra agus d'ith síad an croidhe. Bhí bean Uí Mhórdháin i gcruaidh cás nuair a bhí an croidhe imthighthe, chuaidh sí amach agus do marbhuig sí cearc agus chuir sí croidhe an chirc síos.
Nuair a tháinig an fear ó Áth Chinn isteach d'ith sé an croidhe agus chuaidh sé isteach san leabaidh, ar maidin lá ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Bhotháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cheathrú Mhór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Bhotháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheathrú Mhór, Co. na Gaillimhe