Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-fhear arb ainm do Madhc Ó Feínneadha in a comhnuidhe i gCnoc Láithrigh uair ámhain. Bhí sé amuigh go deireannach oidhche ag imirt cartaí siar i Magh Rath. Ag tigheacht abhaile dó, casadh na sídheogai air agus thug siad leobhta é, agus bhí sé amuigh go maidin. I dtosach chonnaic sé solus agus d'imthigh sé go dtí é, agus isteach leis i dteach. Bhí cailleach agus sean-duine in a suidhe cois na teineadh. "Cead failte romhat a Mhaidhc Ó Feínneadha," adeir siad leis. "Is olc an teine atá againn," arsan sean-dhune, "níl aon mhóin istigh. Cé rachas in a coinne," Cé rachas acht Madhc Ó Feínneadha" arsan cailleach. Fúair Madhc sciobóg agus amach leis i gcoinne na móna, acht ag féachaint thart do ní raibh an teach na an sean-dhuine na an cailleach le feiceál aige.Chaith sé uaidh an sgiobóg móna agus d'imthigh leis. Ba gearr go bhfaca sé solus eile. Tharraing sé air. Isteach leis i dteach. Bhí tóradh sa teach. Cuiread fáilte roimh Madhc Ó Feínneadha. Dubhairt duine le duine eile, go raibh sé in am dul i gcoinne cónra. "Cé rachas acht Madhc Ó Feínneadha", arsa duine eile. D'imthigh Madhc agus capall bán aige, agus thug sé an cónra abhaile chuca. "Cé cuirfeas ins an cónra é,' arsa duine, "Cé cuirfeas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Spéaláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Spealáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe