Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (B)
- XML Leathanach 215
- XML “Éanlaith na Feilme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cearca, eiróga, sicíní, lachain, géana, gaislíní, francaigh, againn sa mbaile. Tá ceithre scóir cearca againn. Tugann muid coirce agus fataí agus min bhuidhe mar bíadh dhóibh. San Earrach núair a bhíonns na cearcha ag gur cuireann mo mháthar ál síos faoí circ. Nuair a bhíonns síad trí seachtmhaine thíos tagann na sicíní amach. Bíonn síad ann lag ar dtús. Chun glaodhach ar an cearcaibh deirtear "tioc," "tioc," agus "dis," "dis," a deirtear le na sicíní.Ní maith le na daoinibh an coileach a cloisteál ag glaodhach go mall sa trathnóna nó go lúath san oidhche; creidtear gur fógra an bháis é. Ní maith an comhartha ar chor ar bith cearc a chloisteál ag glaodhach mar coilleach. Is comhartha mhi-adhaidh an-mhóir é mar deirtear i mbéarla:-"A whistle from a woman,
Or a crow from a hen,
Would awaken the devil,
Out of his den."Má bhíonns cearc ag tarraing toinlín tuigh in a dhiaidh, deirtear go bhfuil sí ag iomchur conra duine eicínt agus gur comhartha é go bhfuil an bás in ndan do duine sa gcómharsanacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál C. de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe