Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'San Inid, sé sin idir an Dara lá Déag agus Carghaos a phósadh na daoine fadó. Pósann muintir na h-áite seo san inid fós. Cuirfeadh an fear a bheadh ag dul a pósadh beirt nó triúr fear ag iarraidh cailín. San oidhce rachaidís chun tighe a h-athar. Do tiubhraidís buidéal poitín no uisge beatha leó.
D'osclódaidís an buidéal agus d'olaidís braon mhaith as i dtosach le misneach a tabhairt doibh agus le fonn cainnte a chur orra féin. Annsin dinseochaidís an sgéal do athair an chailín, do mholfaidís tréithí an buachalla oig. Ba buachaill óg a tugadh ar fhear ar bith a beadh ag dul a pósa ba cuma óg nó sean é. Do chuirtí síos ar a gabhaltas talamh, ar an meid stoc a bhí aige, ó capall agus beitidhigh go cearca agus siciní. Dinnseochaidís comh láidir brioghmhar, cómh lághach cineálta ciallmhar, is do bhí sé.
Mura mbeadh fear an tighe sásta leis an mbhuachaill óg agus a mhuintir agus gach a déarfaidhe i-n a thaobh dimtheocaidhís abhaile abus beadh deireadh leis an sgéal. Dá mbeadh sé sásta, cuirfeadh sé an cheist ar a inghean agus ar a mathair agus dá mbeadh siadsan sásta, shócrochaidhe lá chun an cleamhnas a dheanamh.
Dá socróchaidís ar an spré a bhfuigheadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Poll Saileach, Co. na Gaillimhe