Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bhí fear de muinntir Treasaigh in a chomhnuidhe i Shean-Baile Cruim-ghlinn fadó. Bhí bó aige. Do bleaghadh sé an bhó gach mhaidin is trathnóna. Thug sé fa deara go raibh bainne na ba ag laghadú gach mhaidin, agus ní raibh fhios aige cá raibh an bainne ag imteacht.
    Maidin amháin chuaidh sé amach le breacadh an lae, agus thug sé leis cú dubh a bhí aige. Chonnaic sé bean agus i ag bleaghadh na ba. Sgaoil sé an chú in dhiaidh na mná agus thug sé fa deara gur tháinig crot girrfidhe uirthí. Rug an cú greim ar mas an ghirrfidhe acht ní raibh sé in ann é a choingbhéal. Annsin ghlaoidh sé ar an cú a teacht ar ais mar bhí sé ag craitheadh le sgannradh.
    An mhaidin d'ar gcionn nuair a chuaidh sé amach bhí a chapall imtighthe. Bí sé ag cur tuairisg an chapaill ar feadh an lae. Le tuitim na h-oidhche tháinig sé go tigh beag. Bí bean in a suidhe in aice na teinneadh. D'innis sé a sgéal dí. Dubhairt sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Laithmhe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cromghlinn, Co. na Gaillimhe