Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (B)
- XML Leathanach 220
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San t-sean aimsear ní caithídís bróga go mbiodh siad in a bhfír agus in a mná no go mbíodh siad ós cionn sgór bliadhan ar chum ar bith.
Bhí mná sa gceanntar séo nár chaith bróg ariamh. Troighíní do chaithidís. D'fulaineadh na daoine óga go mór mar geall ar na cosaibh a beith nochtaighthe aca. Do bhiodh oighreach gáig agus bhunbuaileadh orra. Im gan salann a cuirídís mar leigheas don oighreach. Céir agus ola do chuirídís ar na gágaibh.
Fadó do chaithidís bróga 'chuile dhuine acht is gnáthach le páistí, putachai agus stócaigh dul cosnocht samhradh. Ní dheantar bróga san áit séo anois agus níl ann acht gréasuidhe amháin.
Séo oirneas an ghréasuidhe, ceap, meanadh, snáth, céir, ruadhog, seamsóga, casúr. Seo iad focla agus abairtí a baineann leis a obair, baircín, bonn, sál, péire thosaigh, taoibhín, crudh, bairr-iall. Séo iad na cineál bróg, cuarain, bróga isle, bróga buataisí, claganna agus bróga úr leathair.- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Laithmhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe