Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Fhéile Sheáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tugtar oidhche Seáin ar an 23adh Meitheamh. Lasann na daoine teine cnámh an oidhche sin. Le onoir do Naomh Sheáin Baisdeach. Bhíonn na búachaillí ag cruinniú sprús adhmaid agus móna. Thugann duine gabhail móna agus thugann duine eile gabhail tuighe agus duine eile cnámh agus splanc chun na h-áite a bhíonns an teine cnámh le bheith aca. In áiteacha deireann síád an padrín páirteach. tart ar an teine. Fadó bhí nós ag na págánaibh agus dheanaidís teine agus sheólaidis na ba tríd an teineadh seo agus shíl siad go mbeadh na ba saor ó gach aicíd na blíadhna.
    Anois núair a múchta cuireann síad lúaithe no splanc as an teine isteach sa bpáirc a bhíonns in aice na teineadh agus thugann daoine aithinne abhaile leó agus chaitheann síad isteach i ngort na bhfata a bhionns aca féin. Creideann síad go gcoinnigheann sé seo an galar ó na fataibh ar feadh na bliadhna.
    Lá le Seáin bhíonn aonach i Mainistear. Úain is mo a bhíonn 'gá dhíol ann. Fadó bé an lá sin teigheadh na fir go Sasanach mar bíodh an síol fad curtha aca na fataí lánta agus an mhóin bainte an t-am sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Sin Seáin (~208)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cromghlinn, Co. na Gaillimhe