Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (B)
- XML Leathanach 175
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1)A Mhaighdean mhórdha mhór-mhaiseach,
Is tú mo stór, mo lón agus mo thaisce,
Is tú mo réalt eolais, agus lón sa bhealach,
Súl a bhfuil ár mbáis, go tú i gairid. Amén.
(2)A Chroidhe Naomhtha mo Shlánuightheora
Agruighim thú, grás do tabhairt duinn,
Lé grádh dhuit, 'chuile lá nios mó. Amén.
(3)A Íosa Criosta, a fuair bás Dia h-Aoine
Is a d'eirigh airíst i do Rígh gan locht,
Is tú a thug sligh duinn, leis an earraigh a dheanamh,
Is maith a smaointigheanns muid,
Má cuimhnigheanns muid ort. Amén
(4)A Naoimh Iosep mo chara, bí romham ar an mbealach
go dtreoir mo cathair go dteighimíd,
Míle buidheachas go bráth le Righ geal na Grásta,
A thug duinn an spás ar an saoghal seo,
lé na trí ainmneacha breaghtha,
bheith againn ar uair ár mbáis,
Mar tá Iosa, Muire agus Naomh Iosep.
(5)Ceithre pósta ar mo leabaidh, ceithre ainglí orra leagtha,Má fhághaim bás anois go maidin, I bhflaitheas Dé go raibh mo anam. Amén.
(Maitías Ó'Griobhtha, aois 10, as Ceathramhadh na Riabhach a chuala na paidreacha seo ó'n a sean-mhathair, Eibhlín Ní Griobhtha, aois, 75, as Ceathramhadh na Riabhach)- Bailitheoir
- Maitiás Griobhtha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 10
- Seoladh
- An Cheathrú Riabhach Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Griobhtha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Cheathrú Riabhach Thoir, Co. na Gaillimhe