Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)le ’n-a chéile, agus nuair a thug sé an gúna chúichí i gcionn laé agus bliadna do bhí an cúrsa cómh brónach aici is bhí sé riamh, agus do thug sí an
oidhche sin ag gol agus a’ glán (ochlán) ins a’ leabaidh agus i ndeire na h-oidhche amach do labhair a’ guth arís léi: "dá mbeinn-se mar tu," ars a’ guth, "Do chuirfinn acht ar mh’athair gúna síoda a sholáthar dom do bheadh ar dath an óir," agus do chuir san misneach arís ar an inghín agus do chódail
sí an chuid eile dho’n oidhche is lar na mháireach ar sise le ’n-a h-athair ná posfadh sí é chun go soláthruíoch sé gúna síoda dhi bheadh ar dath an óir. Do bhuinn san lá agus bliadhain arís de sar a raibh a’ gúna curtha le ’n-a chéile aige agus do thug sé chúicí an gúna dianta. Nuair a bhí - do bhí an oidhche sin cómh buadhartha arís aici agus do bhí na h-oidhcheannta roime sin agus do bhí sí a’ gol thríd an oidhche ins a’ leabaidh, agus i ndeire na h-oidhche amach do labhair a’ guth arís léi, agus ars a' guth léi, go gcuirfeadh sí féin acht ar a h-athair gúna a sholáthar di - síoda - go mbeadh gach aon dath fé’n spéir ann, agus lar na mháireach annsan dubhairt sí le ’n-a h-athair go gcaithfeadh sé an(continues on next page)